Bronnadh gradam an 3ú áit sa tír ar Ranganna 2, 5 & 6 ag an Féile Eolaíochta agus Teicneolaíochta I nGaillimh ag an deireadh seachtain. Bhí muid sceitsimíneach! Agus ag tnúth go mór lenár duais a chaitheamh ar fearas eolaíochta agus maitimatice don scoil nua ?
Yearly Archives: 2017
Bhí ríméad ar Rang 2 fáilte a chur roimh cuairteoir eolaíochta Jane Shimizu le linn seachtain eolaíochta. D’fhoghlaimid go leor faoi fórsaí agus bhaineamar an-taitneamh as. Go raibh maith ag Múinteoir Síle as ucht í a eagrú ?
I rith seachtain eolaíochta tháinig eolaí ar cuairt chugainn. Bhí an-chraic ag Rang a hAon agus Naíonáin Mhóra léi agus thaitin na turgnaimh bunaithe ar bhrú aeir go mór linn. Bhíomar breá sásta freisin go raibh neart Gaeilge aici!
Inniu bhí muid ag bácáil i seomra Naíonáin Bheaga! Rinne muid Hátaí Leamhacháin/ Marshmallow hats. Bhí siad chomh blasta….Yum Yum!!
Tá Rang 5 ar an mbealach go Baile Átha Cliath don ocáid bronnta don chomórtas Fís – is féidir breathnú orthu beo ar an nasc thíos ó 12:30! Watch the Fís Film Festival awards faturing Rang 5 live from 12:30 on this live stream! Anseo
Mar cuid den comórtas Reel Life Science d’oibrigh ranganna 2, 5 & 6 le chéile i mbliana. Thóg muid ár inspioráid ó na mbalúin aer the a bhí i mBaile Locha Riach le déanaí (in aice lenár scoil nua!) agus rinne muid aisteoireacht agus beocháin chun an eolaíocht atá taobh […]