Chuaigh Rang 2 go dtí seó ab ainm ‘Bounce’ le linn an féile Baboró i nGaillimh ar an gCéadaoin. Seó damhsa ón Fhrainc a bhí ann. Bhain muid an-taitneamh as an léiriú spéisiúl agus bhí comhrá iontach againn faoi ar ais ag an rang. Bhain muid taitneamh as dul ag […]
Yearly Archives: 2017
Bhain Rang 2 an-taitneamh as foghlaim faoi na bplanéid inár nGrianchóras. Comh maith lena nainmneacha d’fhoghlaim muid faoi comh mór is ata siad agus na spás eatarthu le torthaí de méideanna éagsúla. Beidh muid ag déanamh go leor faoi spás ar scoil an tseachtain seo – Seachtain Spás (www.spaceweek.ie) Sí […]
Bhí an-áthas orainn i rang a 3 nuair a bhí an ghrian ag taitneamh agus bhí Corn Mhic Cárthaigh inár measc! Gaillimh Abú!:
Bhí sceitimíní ar na Naíonáin nuair a tháinig an Corn Mhic Cárthaigh ar cuairt go dtí an scoil! Comhghairdeas le foireann na Gaillimhe!!
Bhí lá iontach againn inniu nuair a tháinig foirne buacacha na Gaillimhe ar cuairt chugainn le trófaithe na sinsear agus na míonúr san iomáint! Seo iad Johnny Coen agus David Burke le Coiste na nDaltaí, agus Liam Mac Cárthaigh! Gaillimh abú!
Tá Féile na mBalúin Aer The tagtha go mBaile Locha Riach arís i mbliana agus inniu seoladh iad ón bpáirc díreach in aice le suíomh an scoil nua. Samhlaigh an radharc a mbeadh ann ó na seomraí ranga? An bhlian seo chugain ba cheart dúinn ticéidí a dhíol! ? […]
Bhí toghchán Choiste na nDaltaí ar siúl ar an Aoine agus d’éirigh thar cionn le chuile pháiste a sheas. Bhí 39 páiste ag seasamh agus léígh siad amach óráidí os comhair na páistí ar fad ó Rang 2 go Rang 6 – os cionn 100 duine! Bhí smaointí iontacha acu […]