Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Turas scoile rang a trí

Bhí turas scoile thar a bheith spéisiúil ag rang a trí inné. Thosaíomar an lá i ndaonmhúsaem Derryglad in Áth Luain. D’fhoglaimíomar go leor faoi na laethanta atá caite agus na hathruithe a tháinig ó shin:

Siopa ar an sean-stíl

Scoil ar an sean-stíl.

Ina dhaidh sin, chuamar ag crúsáil ó Bhá Hodson go dtí Áth Luain. Bhí an-am againn ag foghlaim faoi na Lochlannaigh agus ag baint sult as an aer úr. Bhí sé in am againn lón deas a ithe i Planet ina dhiaidh sin agus go leor súgraidh lena chéile. Chuamar ag babhláil ann chomh maith:

 

%d bloggers like this: