Bhí an Lá Spóirt agus Fete Scoile ar siúl ar an Aoine. Tugadh amach na boinn do bhuaiteoirí na léigeanna eitpheile agus sacair. Ansin bhí stáisiúin spóirt agus ghlac gach duine páirt sna himeachtaí difriúla. Bhain gach duine sult as an lá.
Tar éis an spóirt, bhí an Fete ar chlós na scoile leis na tuismitheoirí. Rinne Coiste na dTuismitheoirí an-jab leis an eagrúcháin ar fad.
Ba é seo an Fete deireanach sa scoil seo – an bhliain seo chugainn beidh muid inár scoil nua!