An tseachtain seo, d’fhoghlaim rang a trí faoi ghnéithe éagsúla den eolaíocht trí fhoghlaim chomhoibritheach. Mar sin, léigh gach grúpa leabhar difriúil. Léigh gach duine i ngach grúpa leathanaigh dhifriúla sa leabhar céanna. Ansin, d’inis siad dá ngrúpa faoin méid a d’fhoghlaim siad sa leabhar. Mar sin, d’fhoghlaimíomar óna chéile.
Ansin, chláraigh gach grúpa a eolas nua. Ina dhiaidh sin, bhog gach duine go grúpa nua agus roinn siad a eolas nua óna leabhair le chéile. Bhí sé an-spéisiúil ag éisteacht leis an bplé idir na daltaí.






