Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Reel Life Science!

Tá an-áthas orainn a rá gur bhuaigh Rang 4 an comórtas Reel Life Science i mbliana! Is comórtas náisiúnta é seo d’fhíseáin Eolaíochta. Rinne Rang 4 a bhfíseán bunaithe ar an agallamh a chuir siad ar an spásaire NASA Ron Garan cúpla mí ó shin. D’fhógair siad na buaiteoirí an tseachtain seo caite agus tháinig muid sa chéad áit! Tá ár bhfíseáin tar éis a bheith feicthe na céadta uair ar líne, agus bhí sé sna nuachtáin agus ar an teilifís freisin!

Ar an Domhnach chuaigh muid go Gaillimh chun ár gcuid duaiseanna a fháil ag Féile Eolaíochta na Gaillimhe. Seo picitúir de roinnt de na páistí le huachtarán OÉ Gaillimh An t-Ollamh Jim Browne agus Des Foley ó Roinn Eolaíochta GMIT, chomh maith leis an Dr Enda O’Connell, príomheagraí an chomórtais.

img-20161128-wa0003

 

%d bloggers like this: