Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Aigéad nó bun?

Rinne muid turgnamh eolaíochta le déanaí faoi aigéid agus bunanna. Bhí leachtanna éagsúla againn agus d’úsáid muid táscaire pH (pH indicator) leis an triail a dhéanamh. Rinne muid an táscaire as cabáiste dearg agus uisce – cuireann sé dath corcra ar an uisce. Nuair a chuir muid an táscaire corcra in aigéad (sú líomóide nó fínéagar) d’athraigh sé go dearg nó bándearg. Nuair a chuir muid é in bun (uisce le gallúnach nó sóid aráin) d’athraigh sé go gorm nó glas! Bhí na dathanna go hálainn!

Ansin bhain an múinteoir triail as tuarthóir (bleach) agus d’athraigh sé go buí, ag taispeáint gur bun an-láidir é!

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading