Ba lá mór é inniu – bhí An Díospóireacht Mhór ar siúl i dTeach na Cúirte i mBaile Locha Riach. Bhí ceithre Ghaelscoil páirteach ann, muid féin, Gaelscoil Mhichíl Cíosóig, Gaelscoil De hÍde agus Gaelscoil an Bhradáin Feasa. Bhí ceithre rún ann agus dhá fhoireann in aghaidh na scoile. Díospóireacht […]
Brat Buí
Mar chuid de Chroí na Scoile le déanaí i Rang a hAon agus Rang a Dó bhí na páistí i mbun míme. B’é an téama a bhí againn ná ullmhúcháin agus a chaoi ina n-ullmhaíonn muid d’ócáidí móra in ár saolta. Ina dhiaidh sin pléadh an t-ullmhúchán a bhí le […]
D’fhoghlaim muid faoin bhféile Indiach Díbhealaí agus faoin Saíceachas le déanaí. Seo cúpla físeán a rinne muid faoi chreidimh na hIndia. [media id=28] [media id=29]
Tháinig cuairteoirí speisialta chugainn inniu chun labhairt linn faoin gcreideamh Saíceach, ar a bhfuil muid ag déanamh staidéar an mhí seo i gCroí na Scoile. Labhair siad faoi na nósanna agus traidisiúin atá acu agus thaispeáin siad kirpan agus kanga (cíor gruaige) dúinn. Thaispeáin siad an t-éadach mór a úsáidtear […]
Tá áthas an domhain orainn a fhógairt go bhfuil an Brat Buí againn. Ba muid an chéad scoil i gCúige Connacht chun é a fháil agus tá muid an-bhródúil den obair a rinneadh anuraidh. Chuaigh dream ón scoil chun é a fháil Dé Máirt seo caite agus ba mhór an […]
Tá áthas an domhain ar Ghaelscoil Riabhach go bhfuil dhá sceal faighte againn a bhéas ag cur go mór lenár n-eiteas ilchreidmheach. Le bliain anuas bhí neart oibre ar siúl againn chun stádas Bhrat Buí a bhaint amach agus tá an nuacht tagtha chugainn go bhfuil an Brat le bronnadh […]
Bhí maidin an-speisialta go deo againn an Aoine seo caite i nGaelscoil Riabhach. Tháinig cuairteorí isteach chugainn chun measúnú a dhéanamh ar an obair ar fad a rinneamar i rith na bliana ó thaobh an Brat Buí de. Bhuail na moltóirí leis an gCoiste Bhrat Buí agus de réir dealramh […]
Roimh briseadh na Bealtaine eagraíodh Seachtain Idirchultúrtha sa scoil. Leagadh béim le linn na seachtaine sin ar ilchineálachas na scoile a cheiliúradh. Tugadh cuireadh do thuismitheoir ón tSeirbia labhairt le ranganna, tugadh caint dúinn ar phaistí le míchumais fhisiciúla, tháinig mná isteach i mbun ceardlann ó Ghluaiseacht Lucht Siúil na […]
Inné chuaigh muid chuig Teach na gCúirte chun díospóireachtaí a dhéanamh. Bhí triúr ar gach fhoireann. Bhí trí nóiméad againn leis an óráid a bhí againn a léamh. Níor bhuaigh aon fhoireann de Ghaelscoil Riabhach in aon díospóireacht. Bhí ceithre rúin agus na rúin a bhí an ná: “Is fearr […]