Roimh briseadh na Bealtaine eagraíodh Seachtain Idirchultúrtha sa scoil. Leagadh béim le linn na seachtaine sin ar ilchineálachas na scoile a cheiliúradh. Tugadh cuireadh do thuismitheoir ón tSeirbia labhairt le ranganna, tugadh caint dúinn ar phaistí le míchumais fhisiciúla, tháinig mná isteach i mbun ceardlann ó Ghluaiseacht Lucht Siúil na Gaillimhe agus bhí Lá Ilchineálachais againn. Ardaíodh bratacha éagsúla timpeall an chlóis chun ár n-éagsúlacht a léiriú agus ní raibh ar na páistí éadaí scoile a chaitheamh.
You may also like
Roinnt seachtainí ó shin bhí lá mór againn sa scoil áit go ndearna muid ceiliúradh ar na scileanna éagsúla atá againn ar […]
D’eistíomar le ‘Réaltín Réaltín’ ó Rockin’ the Classroom inár gceacht ceoil. Ansin, tharraingíomar ár réaltaí féin agus ghearramar amach iad. Labhraíomar lena […]
Tá muid ag foghlaim faoi bliain úr na Seapáine, Shogatsu, i gCroí na Scoile. Is í seo bliain an choinín agus rinne […]
Tá neart oibre déanta againn chun ár gcuilt phíosála a dhéanamh don Mhórshiúil agus d’ár gcuairt ar Áras an Uachtaráin. Beidh pictiúir […]
One thought on “Seachtaine Idirchultúrtha”
B’shin phictiuirí maith agus féach ar an ceann le ELLEN agus bridget bhí sé sin go maith freisin …….