Tá go leor oibre ar siúl ag rang a 3 faoi conas a bheith go deas lena chéile agus conas déileáil leis má bhíonn aon deacrachtaí againn le daoine eile. An tseachtain seo, d’oibríomar i mbeirteanna agus i ngrúpaí beaga. Léigh gach grúpa fadhb amháin amach agus ansin léirigh siad réiteach na faidhbe go drámatúil don rang. D’fhoghlaimíomar go leor as agus bhí an-chraic againn ag an am céanna:











