Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Aíonna Aibreáin: réalta teilifíse ó TG4 i nGaelscoil Riabhach

Gach bhliain, eagraíonn an coiste gaelbhrataí ‘Aíonna Aibreáin.’ Tagann cuairteoirí a bhfuil Gaeilge acu ar cuairt chun na scoile agus labhraíonn siad faoina bpoist, a gcaitheamh aimsirí, a spéiseanna agus ar ndóigh, a gcaidrimh leis an nGaeilge. Tháinig Micheál Ó Ciaraidh ar cuairt chugainn inniu agus nach orainn a bhí an t-ádh! Is láithreoir teilifíse é Micheál ar Cúla 4 agus bhí sé ina amasadóir Ghaeilge do Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Bhí an-am ag rang a 5 agus a 6 leis agus is cinnte gur spreag an fear spleodrach, fuinneamhach, lách seo na daltaí:

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Táimid ag súil go mór le buaileadh le go leor aíonna ionspioráideacha eile roimh dheireadh na míosa. Beidh an saineolaí cothúcháin (agus iar-láithreoir Chúla 4), Clodagh Thorisson, ag teacht ar cuairt chugainn amárach. Beidh iar-scoláirí Ghaelscoil Riabhach, Eva De Priondragás, Caron Ní Riain, Laura Ní Dhúill agus Amy Ní Chinnéide linn ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin. Beidh an ceoltóir, foilsitheoir agus scríbhneoir Tadhg Mac Dhonnagáin ag buaileadh isteach ar an Aoine. Táimid ag súil go mór le seachtain den scoth!

%d