Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Aíonna Aibreáin: An Saineolaí Cothúcháin Clodagh Thorisson

Tháinig Clodagh Thorisson ar cuairt chuig Gaelscoil Riabhach inniu mar chuid d’Aíonna Aibreáin (eagraithe ag an gcoiste gaelbhrataí). Is saineolaí cothúcháin í Clodagh. Bhí rang a 3 an-tógtha léi. Labhair Clodagh faoi bhia folláin agus faoi bhia mí-fholláin. Labhair sí faoin gcóras díleá agus an méid a tharlaíonn don bhia nuair a ithimid é. Chuir na daltaí neart ceisteanna uirthi agus d’fhoghlaim siad go leor uaithi. Ansin, le cabhair ó na daltaí, chruthaigh Clodagh smúdaithe éagsúla. Bhí siad thar a bheith blasta agus sláintiúil!

Na comhábhair

Ghearr na daltaí na torthaí roimh ré.

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading