Don tseachtain idirchultúrtha anseo i nGaelscoil Riabhach, tháinig athair Alex (Saša) isteach chun labhairt linn faoin tír inar rugadh é, an tSeirbia. Bhí sé iontach a bheith ag éisteach leis. An rud is mó a thaitin linn ná go mbíonn an Samhradh te agus grianmhar, ach go mbíonn an Geimhreadh […]
Brat Buí
Roghnaíodh an pictiúr seo, le Caron Ó Riain/ Rang Sé, don chéad áit san Chomórtas Ealaíne a eagraíodh mar chuid den obair náisiúnta atá ar siúl idir na scoileanna Buí ar fad. Tá muid ag súil go mór le bronnadh na nduaiseanna nuair a fhaigheann muid ár mBrat Buí.
Thug roinnt páistí, muinteoirí agus tuismitheoirí na scoile cuairt ar an Uachtarán, Mícheál D. Ó hUigínn níos luaithe inniu. Cuireadh fíorchaoin fáilte romhainn agus bhí deis againn breathnú ar roinnt seomraí san Áras. Chonaiceamar Marcaonad an Gharda Síochána agus na gáirdíní áille freisin. Lá den scoth a bhí againn agus […]
Tá neart oibre déanta againn chun ár gcuilt phíosála a dhéanamh don Mhórshiúil agus d’ár gcuairt ar Áras an Uachtaráin. Beidh pictiúir thuas go luath den chuilt chríochnaithe.
Rinne muid pictiúr speisialta don rang ar fad le haghaidh Lá an Chairdis. Tá gach duine sa bpictiúr, agus chabhraigh muid ar fad leis. Tá sé déanta suas de a lán leathanaigh A4. Ní dhéanann na píosaí beaga ciall ina n-aonair – caithfidh siad a bheith curtha le chéile. Bhí […]
Tá na hiarratais ar fad istigh don Chomórtas Bhuí. Cuireadh iad sa phost inniu agus beidh na buaiteoirí dhá roghnú lasmuigh den scoil. Tá muid an-bhródúil as an iarracht mhór a rinneadh. Maith sibh. Scríobhaigí bhur dtuairimí faoi na pictiúir gur fearr libh.
Bhí Lá Cairdeas ar siúl sa scoil le déanaí. Seo Rang a Sé i ndiaidh dóibh cairdeas a chur in iúl dá chéile. Maith Sibh!!