Is traidisiún é sa scoil s’againne go ngléasann muid (páistí agus múinteoirí!) inár gcuid éadaí codlata ar an lá is giorra den bhliain – Grianstad an Gheimhridh! Tháinig muid le chéile chun cúpla amhrán séasúrach a chasadh. Freisin, bhailigh muid airgead don charthanacht áitiúl Galway Simon Community. Is údar bróid […]
Brat Buí
Tháinig an Coiste Buí, Múinteoir Lucia agus Múinteoir Fiona ar cuairt chuig an rang maidin inniu chun leabhar ó thíortha eile a thaispeáint do na gasúir. Bhain na gasúir an-taitneamh as mar d’fhoghlaim siad go raibh difríocht mhór idir an chaoi go scríobhann muid leabhair anseo in Éirinn agus ar […]
Thug muid cuairt ar an Mainistir i mBaile Locha Riach inné. Bhuail muid leis an Athair Liam Ó Móráin. Tugadh ar thuras timpeall na mainistreach muid. Thaitin an sean-mhainistir (a tógadh thart ar 1300 AD) linn agus an leabharlann sa mhainistir nua (a tógadh i 1645). Seo níos mó pictiúir […]
Roinnt seachtainí ó shin bhí lá mór againn sa scoil áit go ndearna muid ceiliúradh ar na scileanna éagsúla atá againn ar fad. Seo roinnt pictiúir ón lá sin. Bhain muid an-taitneamh as a bheith ag éisteacht le daoine ag seinm ceoil, ag breathnú ar dhaoine ag déanamh cúpla céim […]
Chuaigh muid go Baile Átha Cliath le déanaí chun an Brat Buí a ghlacadh ar son na scoile – seo físeán a rinne muid ag an ócáid bronnta. [media id=73]
Lé déanaí thaistil grúpa scoile go Baile Átha Cliath, áit ar bronnadh an dara Bhrat Buí ar Ghaelscoil Riabhach. Ní muid ach an dara scoil sa tír atá i ndiaidh dhá bhrat a fháil gan briseadh agus tá muid mar cheannródaí i measc ghaelscoileanna na tíre. Sa phictiúir thíos tá […]
Tá cabhair uainn. An bhfuil d’áit chónaithe ar an léarscáil seo? Mura bhfuil an bhféadfá teachtaireacht a scríobh thíos.
Tá mé ar Choiste na nDaltaí agus na rudaí a bhí muid ag caint faoi ná an garda bhulaíochta, an lá glas, an grúpa ceoil, an lá ilchineálach agus an leabharlann scoile. (John R.)