Tháinig an Coiste Buí, Múinteoir Lucia agus Múinteoir Fiona ar cuairt chuig an rang maidin inniu chun leabhar ó thíortha eile a thaispeáint do na gasúir. Bhain na gasúir an-taitneamh as mar d’fhoghlaim siad go raibh difríocht mhór idir an chaoi go scríobhann muid leabhair anseo in Éirinn agus ar fud an domhain. Chomh maith leis sin d’fhoghlaim siad nach léitear leabhar ar fud an domhain an chaoi céanna is go léann muid iad anseo. Chomh maith leis sin léigh Meisha alt as an leabhar Rúiseach a thug sé féin isteach dúinn chun breathnú uirthi. Is buachaill beag ón Rúis é Meisha agus tá sé líofa i Rúisís.
You may also like
Tá muid ag foghlaim faoi bliain úr na Seapáine, Shogatsu, i gCroí na Scoile. Is í seo bliain an choinín agus rinne […]
Tá áthas an domhain orainn a fhógairt go bhfuil an Brat Buí againn. Ba muid an chéad scoil i gCúige Connacht chun […]
Tá muid ag déanamh taighde ar teas faoi láthair. Ar dtús fuair muid amach faoin teocht é féin agus codarsnacht idir an […]











