Is traidisiún é sa scoil s’againne go ngléasann muid (páistí agus múinteoirí!) inár gcuid éadaí codlata ar an lá is giorra den bhliain – Grianstad an Gheimhridh! Tháinig muid le chéile chun cúpla amhrán séasúrach a chasadh. Freisin, bhailigh muid airgead don charthanacht áitiúl Galway Simon Community. Is údar bróid dúinn a rá gur bhailigh muid €375 i mbliana! Maith sibh gach duine agus bainigí sult as na laethanta saoire!
[media id=87]