Ghlac rang a haon agus Múinteoir Maria páirt san MS Readathon i mbliana! Bhaineamar an-taitneamh as a bheith ag léamh agus ag bailiú airgid do MS Ireland.
Léigh an rang agus an múinteoir 404 leabhar i mí na Samhna agus bhailíomar €1438 le chéile do MS Ireland. Tuigimid an tábhacht a bhaineann leis seo. Tháinig bean ó MS Ireland, Mary McKeon, ‘ar cuairt’ chugainn ar Zoom agus mhínigh sí go leor faoi MS dúinn.
Choinnigh cuid den rang taifead de na leabhair a bhí á léamh acu i gcuntas léitheoireachta mar is féidir a fheiceáil sna grianghraif thíos: