2014/2015
Bhí turas scoile den scoth ag na naíonáin bheaga go Loughwell Farm Park i Maigh Cuilinn Dé hAoine seo caite. Ar dtús báire, fuaireamar turas timpeall na feirme chun buaileadh leis na hainmhithe ar fad: Ina dhiaidh sin, fuaireamar seans spraoi sa ghaineamh. Dúradh linn go raibh taisce faoin ngaineamh […]
Fuair muid nuacht iontach le déanaí – bhuaigh ár seó raidió, “An Meaisín Ama” an comórtas Seachtain na Gaeilge le haghaidh clár raidió! Seo é a ceathrú uair as a chéile do Ghaelscoil Riabhach an comórtas náisiúnta seo a bhuachaint! Mar sin, bhí cóisir bheag againn agus rinne na páistí brioscaí iad féin! […]
Chuagh muid go dtí blitz eitpheile s Chnoc Breac an tseachtain seo caite. Chuir muid 4 fhoireann ann, le páistí ó ranganna 4, 5 agus 6. Bhí an-spraoi againn! Seo ár gceithre fhoireann ag imirt!
Bhí múinteoir Elaine linn an mhí seo agus d’fhoghlaim muid go leor rudaí faoin Spás agus Maighnéadachas. Táimid ag foghlaim faoin Samhradh anois agus seo tús ár gcuid saothair!
Le déanaí, bhí an Dr Anna Nic Con Iomaire agus an teiripeoir urlabhra Carmel Ní Chualáin ar cuairt againn. Bhain na páistí an-taitneamh as a bheith ag éisteacht leo agus bhí neart ceisteanna acu d’Anna agus Carmel.
Léamar scéál faoi choimhthígh (nó ‘arrachtaí’). Ansin, dhearaíomar ár gcoimhthígh féin ag baint úsáide as péint, ábhair éagsúla agus blúire samhlaíochta.
Nuair a bhíomar ag foghlaim faoin teilifís sa Ghaeilge shocraíomar ár dteilifíseáin chré féin a chruthú lenár lámha. Nuair a bhí siad tirim, phéinteálamar iad.