Baineann grúpa difriúil úsáide as an ríomhaire gach maidin. Imrímid cluichí matamaiticiúla air. Táimid ag fáil an-cumasach dá bharr.
2014/2015
Bíonn stáisiúin mhatamaitice againn gach maidin. Uaireanta bíonn ár smaointí féin againn faoi céard le déanamh. Seo sampla de ghníomhaíocht a chum triúr daltaí. Shórtáil siad gach rud de réir dath agus chuir siad na béireanna beaga ag seasamh ar na dathanna cuí. Bíonn comhoibriú den scoth le feiceáil gach […]
D’fhoglaimíomar faoi shonraí agus rinneamar suirbhé ranga chun fháil amach faoin dath gruaige atá ar gach duine. Chláraíomar na torthaí i ngrúpaí agus ansin le chéile ar phostaer mór. An tseachtain seo gheobhaimid amach cén torthaí a bhíonn againn ar scoil don lón gach lá. Cláróimid torthaí na dtorthaí inár gcóipleabhair […]
Is breá leis na gasúir a bheith ag scríobh scéalta. Seo roinnt scéalta atá scríofa acu don gcúinne scríbhneoireacht.
Roinnt seachtainí ó shin rinne muid paraisiút sa rang. Bhain siad an-taitneamh as a bheith ag foghlaim faoi cén chaoi a gceann féin a dhéanamh.
Le déanaí bhí muid ag foghlaim faoi saolré an fhroig. Tharraing na gasúir pictiúir álainn de lochán uisce lán de na froganna.
Bhí Naíonáin Mhóra ag foghlaim faoi shaolré an fhroig le déanaí. D’fhoghlaim siad dán faoi froganna agus rinne siad a bhfroganna féin san ealaín agus as marla.
Nuair a tháinig Naomi ó Dr How’s Science Wows isteach i rith Sheachtain Eolaíochta, rinne muid an físeán seo. Meascán d’uisce agus gránphlúr atá ann, féach céard a tharlaíonn dó nuair a bhíonn fuaim láidir curtha leis! [media id=80]