Déardaoin seo caite, thug naíonáin bheaga cuairt ar an gclós súgartha i mBaile Locha Riach. Ar an mbealach ann, bhreathnaíomar ar chomharthaí an Earraigh timpeall orainn. Táimid ag súil go mór le geábh ar thabhairt air arís!
2014/2015
Ag cóipeáil agus ag leanúint patrún…. Cén uimhir atá agam? An bhfuil sé níos mó nó níos lú ná an uimhir eile? Ag scríobh uimhreacha sa ghaineamh Toraíocht taisce Bhí muid ag foghlaim faoi bia sláintiúil! Is breá linn Aistear! Bhí cuairteoir speisialta sa scoil againn ó RTÉ!!!! […]
Seo beochan a rinne muid bunaithe ar dán a d’fhoghlaim muid – here’s an animation we made based on a poem we studied – “He wishes for the Cloths of Heaven”, by W.B. Yeats. [media id=79]
An tseachtain seo tá na daltaí ag foghlaim faoin Seachtain Mhór. Tharraing Sarah i rang Dora an léaráid seo chun cuimhniú ar laethanta na Seachtaine Móire agus na rudaí a tharla ar na laethanta éagsúla:
Rinne muid clár raidió nua le cur isteach sa chomórtas Clár Raidió do Sheachtain na Gaeilge! “An Meaisín Ama” an teideal atá air. Rinne Uncail Peadar meaisín ama as sean-tarracóir agus anois tá Seán agus Áine ag dul leis trí Stair na hÉireann chun cabhrú lena gcuid obair bhaile staire!
Chuaigh muid amach ar an Aoine chun urú na gréine a fheiceáil. Bhí sé ceomhar agus an-dorcha thart ar 9.30. Ansin, bhí an t-ádh linn – laghdaigh an ceo go dtí go raibh sé tanaí go leor an ghrian a fheiceáil tríd! D’úsáid muid déshúiligh (binoculars) ansin nuair a bhí sé […]
Bhí bua iontach ag Gaelscoil Riabhach sa chomórtas réigiúnach eitpheile ar an Máirt! Tar éis comórtas na Gaillimhe a bhuachaint cúpla seachtain ó shin, lean foireann na mbuachaillí ar aghaidh go dtí an comórtas réigiúnach. Bhí foirne eile ó chontaetha Maigh Eo, Ros Comain, an Iarmhí agus eile ag glacadh […]
Roinnt seachtainí ó shin bhí lá mór againn sa scoil áit go ndearna muid ceiliúradh ar na scileanna éagsúla atá againn ar fad. Seo roinnt pictiúir ón lá sin. Bhain muid an-taitneamh as a bheith ag éisteacht le daoine ag seinm ceoil, ag breathnú ar dhaoine ag déanamh cúpla céim […]
Seo roinnt póstaer a rinne na gasúir le déanaí bunaithe ar na seanfhocail le linn seachtain na Gaeilge. Is breá leo a bheith ag tarraingt agus ag foghlaim nathanna nua cainte.