Bhí bua iontach ag Gaelscoil Riabhach sa chomórtas réigiúnach eitpheile ar an Máirt! Tar éis comórtas na Gaillimhe a bhuachaint cúpla seachtain ó shin, lean foireann na mbuachaillí ar aghaidh go dtí an comórtas réigiúnach. Bhí foirne eile ó chontaetha Maigh Eo, Ros Comain, an Iarmhí agus eile ag glacadh páirte. Bhuaigh ár gcuid buachaillí chuile chluiche a d’imir siad! Sa chluiche ceannais, thaispeáin siad an-spiorad go deo nuair a tháinig siad ar ais chun an cluiche a bhuachaint leis an bpointe deireannach, 14-13!
Leanann an fhoireann ar aghaidh anois go dtí an comórtas Uile-Éireann i gceann cúpla seachtain. Is imeacht stairiúil é seo don scoil agus ba chóir dúinn ar fad a bheith an-bhródúil as an bpainéal ar fad! Maith sibh a bhuachaillí!
One thought on “Seaimpíní Eitpheile!!”
Comhghairdeas ó chroí a bhuachaillí. An-éacht go deo.