Le déanaí bhí muid ag foghlaim faoi chruthanna 2 D. Bhain siad an-sult as a bheith ag tógáil cruthanna difriúla.
2014/2015
Ó tháinig muid ar ais bhí na páistí gnóthach ag obair ar gcuid radharc fhocail agus ag cumadh abairtí bunaithe ar na leabhairíní a bhí á léamh acu.
Bhí muid ag foghlaim faoin bhFómhar an mhí seo agus thug Kaylagh agus Tara duilleoga agus cnónna ón gcrann cnó capaill ar scoil! Chuaigh muid ar siúlóid timpeall na scoile ag bailiú duilleoga freisin! D’fhoghlaim muid faoi Rosh Hashanah sa Chroí Scoile. Shéid muid an shofar, agus d’ith […]
Tá muid ag foghlaim cén chaoi cluichí agus físeáin a dhéanamh le Scratch. Tá na páistí ag foghlaim óna chéile agus ag baint an-spraoi as. I gceann cúpla seachtaine, cuirfidh muid ár gcluichí suas ar an mblag! Freisin, beidh muid ag glacadh páirte i “Code Week” i mí Deireadh Fomhair! […]
Faoi láthair tá muid ag breathnú ar seanscéal dar teideal “Mac Rí Éireann agus Iníon Rí na Gréige”. Rinneadh taifead ar an scéal seo sa bhliain 1930 agus tá sé le cloisteáil ar an suímh doegen.ie maraon leis na céadta píosaí eile as Gaeilge. Mar gheall ar go bhfuil deireadh […]
Rinne muid an stiallghreannán seo faoi chait ar scoil – beidh muid ag déanamh níos mó go luath! http://www.pimpampum.net/bubblr/?id=54864