Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Mí Mheán Fómhair i Naíonáin Bheaga!

 

 cnónna 20140929_091906

Bhí muid ag foghlaim faoin bhFómhar an mhí seo agus thug Kaylagh agus Tara duilleoga agus cnónna ón gcrann cnó capaill ar scoil! Chuaigh muid ar siúlóid timpeall na scoile ag bailiú duilleoga freisin!

D’fhoghlaim muid faoi Rosh Hashanah sa Chroí Scoile. Shéid muid an shofar, agus d’ith muid úlla agus mil!

20140926_115444 (1) 20140926_115539 20140926_115845 20140926_115920

Is breá linn ag comhaireamh sa rang faoi láthair agus táimid ag comhaireamh gach lá! Chomh maith le sin, d’fhoghlaim muid faoi rudaí atá beag agus mór! Chuir muid béireanna in ord ón gceann is lú go dtí an ceann is mó!! Is breá linn ag obair le chéile 🙂

20140930_102433 20140930_102507 20140930_102513

 Slán go fóill!!

%d bloggers like this: