2014/2015
Le déanaí bhí muid ag obair ar chruthanna 2D agus thug muid faoi ealaíon a dhéanamh bunaithe ar chruthanna 2D. Breathnaigh ar an chaoi gur éirigh linn.
Seo na cloigne réidh dár Seó Samhna – seó puipéad ollmhór a bheidh ann. Ach tá i bhfad níos mó le déanamh againn! Céard a cheapann sibh?
Chruthaíomar potaí déanta as cré agus péinteálfaimid iad an tseachtain seo chugainn. Fan go bhfeicfidh sibh. Idir an dá linn, féach ar ár lámha salacha!
An Fómhar atá ann agus mar sin, d’fhoghlaimíomar faoin ngráinneog. Tharraingíomar ár ngráinneoga féin agus táimid an-bródúil astu!
Bímid ag comhaireamh gach lá agus is féidir linn uimhreacha a haithint chomh maith. Láimhseálaimid ábhair choincréiteacha gach lá agus bainimid taitneamh as sin. Tá uimhirscéal againn ar fad. Bhaineamar an-sult as iad a chruthú agus chabhraigh siad linn lenár gcuid scríbhneoireachta chomh maith. Tuigimid go bhfuil uimhreacha in gach gné […]
Tá naíonáin bheaga socruithe isteach sa scoil agus táimid mór le chéile cheana féin. D’oibríomar i mbeirteanna agus grúpaí beaga i gceacht Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS) chun míreanna mearaí a dhéanamh le chéile. Bhí orainn comhoibriú lena chéile. Dúirt duine amháin sa rang ‘cabhraímid lena chéile’ fhad is […]