Tá naíonáin bheaga socruithe isteach sa scoil agus táimid mór le chéile cheana féin. D’oibríomar i mbeirteanna agus grúpaí beaga i gceacht Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS) chun míreanna mearaí a dhéanamh le chéile. Bhí orainn comhoibriú lena chéile. Dúirt duine amháin sa rang ‘cabhraímid lena chéile’ fhad is a bhí beirt acu ag tabhairt faoi mhíreanna mearaí le chéile.