Monthly Archives: March 2025
Sa chaoi is go mbeadh na páistí níos airdeallaí is eolasach faoin mbithéagúlacht atá in a dtimpeallacht máguaird, chuaigh muid ar siúlóid timpeall na scoile chun breathnú ar na plandaí, feithidí is mionainmhithe atá ina gcónaí díreach in aice linn. Chonaic muid rudaí suntasacha ó torbáin go beacha agus blathanna […]
Bhí an t-ádh linn gur tháinig cuairteoir gleoite isteach ar scoil le déanaí! Le gairid, bíonn na páistí ag foghlaim faoin earrach is na rudaí a bhaineann leis. D’fhoghlaim na páistí faoi ainmhithe ar leith agus bhí siad fíor-shásta chun uan nuabheirthe a fheiceáil sa seomra ranga!
Breathnaigh ar an bhfíseán. Céard iad na rudaí a fheiceann muid thart timpeall orainn? Foirgnimh? Dúlra? Úsáid Talún? Stair agus Tíreolaíocht?
Deireadh Mhí an Mhárta atá ann agus tá go leor foghlamtha againn ar scoil faoin Domhnach beag seo: An Carghas atá ann sa gCríostaíocht agus ar an tríú Domhnach den Charghas bíonn Lá na Máithreacha. Chomh maith leis sin beidh Moslamaigh ag ceiliúradh deireadh Ramadan ar an Domhnach le Féile […]
Tá uibheacha circe imithe abhaile le dalta i Rang 6. Tá cearc ar gor aige sa mbaile chun suí orthu. Coinnigh súil ar an mblag i gcomhair nuachta.
Agus muid ag druidim deireadh ár dara bhliain ag obair ar an téama de bithéagsúlacht, tá sé in am dúinn fáil amach cé mhéad atá muid tar éis foghlaim. Ba bhreá leis an gCoiste Glas dá mbeadh daltaí agus múinteoirí na scoile in an tabhairt faoin suirbhé beag seo chun […]