Yearly Archives: 2025
Tá muid ar bís faoin briseadh! Le déanaí, bhí an-spraoi againn ag déanamh ealaíon agus cóicearacht agus rudaí deasa eile. Chríochnaigh muid an téarma le ceiliúradh beag le gráin rósta, seacláid te agus scannán beag. Nollaig shona daoibh uilig!
Comhghairdeas leis na páistí á raibh iarracht mhór ar siúl acu le seachtain anuas an Ghaeilge a labhairt ar scoil
Le déanaí, bhí na páistí i rang a 5 ag foghlaim faoi sholas. Chonaic muid go lúbann an tsolais nuair a théann sé tríd mheán atá tiubh cosúil le uisce. Chomh maith leis sin, fuair muid amach go bhfuil solas déanta as neart dathanna eile. Tá muid in ann na […]
Tá ár gclub fichille tosaithe agus inniu, ghlac muid páirt san Uair Fichille chomh maith le beagnach 100 scoil eile timpeall na tíre! Tá gach duine ag foghlaim agus ag feabhsú leis an gcluiche iontach seo, le béim mhór ní hamháin ar scil imeartha ach freisin ar chothrom na féinne, […]
Le haghaidh Seachtain na hEolaíochta bhí na páistí i rang a cúig ag foghlaim faoin gcnámharlach. Bhí ainmneacha na gcnámh á bhfoghlaim acu i rith na seachtaine agus ansin chun an t-eolas seo a dheimhniú, chruthaigh na páistí lámha tríd úsáid sreang, soip agus páipéar. Rinne siad sár jab leo […]
Fuair Rang a 6 nuacht iontach le déanaí gur bhuaigh muid an comórtas Reel Life Science – arís! Is comórtas é seo ina roghnaítear an scannán eolaíochta is fearr i measc iontrálaithe ó chuile cearn den tír. Seo é an tríú bliain as a chéile dúinn an chéad duais a […]
Tá muid ag dul i dtaithí ar seomra éagsúla sa scoil a úsáid – an halla agus an leabharlann san áireamh. Tá sé go hálainn gach duine a fheiceáil comh spraíúil le chéile! Comh maith le sin fuair muid roinnt breagáin nua an seachtain seo agus tá an rang ar […]