Is breá leis na gasúir a bheith ag obair le Scratch ar na ríomhairí. Rinne said cluichí agus físeáin I mbeirteanna i rith na míosa.
Yearly Archives: 2016
Tháinig tuismitheoirí sa scoil – Sarah agus Rosa – agus thaispeáin said dúinn cén chaoi muirín a dhéanamh don ghairdín. Beidh torthaí agus glasraí blasta again an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé!
Tháinig ár gcuairteoir deireanach chugainn inniu. Gach Aibreán, eagraíonn an coiste gaelbhrataí ‘Aíonna Aibreáin.’ Bainimid an-taitneamh as na daoine éagsúla le Gaeilge a thagann chun na scoile i rith na míosa. Tháinig an t-iarscoláire Isaac Bryant chugainn inniu. Labhair sé le rang a 1 agus a 2. Ansin, bhuail sé […]
Thaistil an coiste gaelbhrataí go Coláiste Phádraig i mBaile Átha Cliath inniu chun an chéad ghaelbhratach don scoil a fháil. Ní raibh ach sé bhunscoil (agus go leor meánscoileanna) sa tír páirteach sa scéim agus mar sin, tá an coiste an-bhródúil as. Bhí an-lá againn ann ag rince agus ag […]
Tháinig an fhoireann lúthchleasaíochta le chéile inniu chun an grianghraf seo a ghlacadh leis na trófaithe a bhain siad sa gComórtas Manning an tseachtain seo caite – maith sibh arís!
Tá an coiste gaelbhrataí ag taisteal go Baile Átha Cliath amárach chun gaelbhratach bhreá chorcra a fháil don scoil. Tá go leor oibre déanta ag an gcoiste. Tá Aíonna Aibreáin fós ar siúl sa scoil agus muid ag súil go mór leis an gcéad chuairt eile. Gaeilge abú!
Tháinig Séamus Ó Coileáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar cuairt chuig rang a trí inniu. Thug Séamus cóipeanna don rang de na fabhalscéalta a d’aistrigh mic léinn faoina chúram. Chuir daltaí an ranga go leor ceisteanna ar Shéamus agus bhí Séamus breá sásta gach […]
Tháinig an banna ceoil ‘The Clockworks’ chugainn ar an Aoine seo caite. Bhailigh na daltaí ar fad taobh amuigh chun éisteacht leo. Is iar-scoláirí iad. Bhí an scoil ar fad faoina ndraíocht: