Bhí an-chraic againn ag cur tobshlua (flashmob) le chéile i rith Seachtain Gníomhach 2017. Mhúin daltaí ó Rang 6 don scoil ar fad é i gceachtanna gearra gach lá agus ar an lá deirneach rinne muid ar fad le chéile é. D’fhéadfá an taitneamh a bhain muid as a fheiceáil […]
2015/2016
Comhghairdeas leis an bhfoireann a chríochnaigh ag barr na sraithe sa léig eitpheile i mbliana! Bhí caighdeán iontach ard sna cluichí uilig. Anois, beidh na cluichí leath-cheannais agus an cluiche ceannais againn!
Tá deireadh na bliana beagnach linn! Tá muid tar éis an t-uafás a dheanamh le chéile agus a fhoghlaim i mbliana agus bhí bliain iontach againn. Rinne muid na pórtáidí ranga seo chun an bhliain a chaith muid le chéile a cheiliúradh!
Tá muid ag foghlaim faoi Bhaile Locha Riach sna meánaoiseanna. D’fhoghlaim muid faoi na Normannaigh, na ballaí agus an móta, an mhainistir agus a lán rudaí eile. Ansin rinne muid macasamhail de Bhaile Locha Riach as Lego!
Cúpla seachtain ó shin riunne Rang 4 + 5 agallamh le Brian O’Reilly, uncail le páití sa scoil agus duine de na heolaithe ar éirigh leo Tonnta Imtharraingte a aimsiú ag institiúd LIGO. Seo an t-agallamh a rinne muid! A few weeks ago Rang 4 + 5 interviewed Brian O’Reilly, […]
Is breá leis na gasúir a bheith ag obair le Scratch ar na ríomhairí. Rinne said cluichí agus físeáin I mbeirteanna i rith na míosa.
Tháinig tuismitheoirí sa scoil – Sarah agus Rosa – agus thaispeáin said dúinn cén chaoi muirín a dhéanamh don ghairdín. Beidh torthaí agus glasraí blasta again an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé!
Rinne Rang 4 agus 5 a lá oibre ar Mheiriceá Theas. I mbeirteanna rinne siad taighde ar rudaí ar nós na hAindéis, An Amasóin, Sacar sa Bhrasaíl agus a lán rudaí eile. Ansin rinne siad taispeántais Prezi ar gach ceann acu. Bhí siad chomh maith sin gur chuir muid le […]
Chuile bhliain bíonn comórtas ag Seachtain na Gaeilge ina mbíonn scoileanna ar fud na tíre ag déanamh seó raidió i nGaeilge. Tá Gaelscoil Riabhach tar éis an comórtas seo a bhuachaint 4 bliana as a chéile! Anuraidh, rinne muid seó darb ainm An Meaisín Ama, ina raibh páistí ag dul […]
Tar éis a lán oibre a dhéanamh sa rang bunaithe ar an Ghorta Mhór in Éirinn, chuamar ar thuras chuig teach na mbocht i bPort Omna. Bhaineamar an-taitneamh go deo as an turas. Nuala an treoraí a bhí againn agus cuireadh an turas ar fáil dúinn trí Ghaeilge. Míle buíochas do Nuala […]