Bhí lá álainn againn Dé hAoine seo caite i rang Múinteoir Maria (naíonáin bheaga). D’fhoghlaimíomar faoi charachtair a chéile agus chruthaíomar ár leabhair bheaga féin faoinár gcarachtair féin:
2015/2016
Bhí lá cairdis álainn againn i seomra na naíonán inniu. Thugamar bráisléad agus barróg dá chéile. Shuíomar i gciorcal mar a dhéanaimid gach seachtain agus léiríomar meas dá chéile as ucht a bheith ag éisteacht lena chéile. Táimid an-mhór le chéile.
Tá rang múinteoir Maria (naíonáin bheaga) ag foghlaim faoi am faoi láthair. Is breá linn a bheith ag imirt ‘Cén t-am é a mhactíre?’ chun an foclóir nua a chleachtadh:
Bhí an Scipatón ar siúl ar an Máirt – d’éirigh linn an cluiche scipeála seo a dhéanamh le páistí ag lanúint a chéile 325 uair gan stopadh!
Bhí an-am ag naíonáin bheaga (rang Múinteoir Maria) ag scipeáil thart inniu do Scipeatón Ghaelscoil Riabhach 2016.
Tá rang Múinteoir Maria (naíonáin bheaga) ag baint an-sult agus an-tairbhe as súgradh struchtúrtha gach lá.
D’fhoghlaim muid faoi bhealach amháin frithchuimilt a laghdú – le grán iompair (ballbearings) mar a úsáidtear i meaisíní agus innil. Rinne muid ár dturgnamh féin le mirlíní!
Faoi láthair, tá muid ag foghlaim faoi fhrithchuimilt. D’fhoghlaim muid má bhíonn dromchla mín ar rud go sleamhnóidh sé, ach má bhíonn sé garbh nach sleamhnóidh sé chomh éasca, de bharr frithchuimilte. Bhreathnaigh muid ar scriosán faoi mhicreascóp – tá sé garbh, cosúil le gaineamh! Chuir muid an scriosán, agus […]