Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Gaelbhratach Ghaelscoil Riabhach

Thaistil an coiste gaelbhrataí go Coláiste Phádraig i mBaile Átha Cliath inniu chun an chéad ghaelbhratach don scoil a fháil. Ní raibh ach sé bhunscoil (agus go leor meánscoileanna) sa tír páirteach sa scéim agus mar sin, tá an coiste an-bhródúil as. Bhí an-lá againn ann ag rince agus ag éisteacht le ceol beo traidisiúnta.

Tá ‘Aíonna Aibreáin’ fós ar siúl sa scoil (ócáid bhliaintiúil a d’eagraigh an coiste). Beidh iar-scoláire eile ar cuairt ar an Aoine beag seo. Tá an club lóin Gaelach ag dul ar aghaidh go fóill agus is álainn an rud é páistí a fheiceáil ag imirt cluichí agus ag labhairt i nGaeilge.

Tá brat glas agus brat buí ag an scoil cheana féin. Bhí seachtain ghníomhach den scoth againn i mbliana. Táimid ag súil go mór le brat gníomhach a bhaint amach.

Anois, tá ár gcéad gaelbhratach againn agus muid ag súil len é a chrochadh inár scoil!

FullSizeRender (10)FullSizeRender (9)

 

One thought on “Gaelbhratach Ghaelscoil Riabhach”

Comments are closed.

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading