Tháinig ár gcuairteoir deireanach chugainn inniu. Gach Aibreán, eagraíonn an coiste gaelbhrataí ‘Aíonna Aibreáin.’ Bainimid an-taitneamh as na daoine éagsúla le Gaeilge a thagann chun na scoile i rith na míosa. Tháinig an t-iarscoláire Isaac Bryant chugainn inniu. Labhair sé le rang a 1 agus a 2. Ansin, bhuail sé isteach chuig naíonáin bheaga. Nach orainn a bhí an t-ádh! Bhain na daltaí an-sult go deo as. Is aisteoir agus ceoltóir é Isaac. Ní hamháin sin ach tá sé ag déanamh staidéar ar eolaíocht chomh maith. Fan go bhfeicimid…gach seans go mbeidh an fear lách, uasal seo ar an teilifís go luath. Go n-éirí go geal leat, a Isaac!