Yearly Archives: 2016
Rinne muid agallamh leis an spásaire NASA Ron Garan le haghaidh Seachtain Spáis! We did an interview with NASA astronaut Ron Garan for Space Week! Éist leis an bpodchraoladh anseo! Listen to the podcast here! [media id=85 height=20] Nó ar Soundcloud anseo
Bhí daltaí rang 2 ag déanamh an múinteoireacht inniu agus iad ag taispeáint dá chairde cén chaoi fadhbanna mata a réiteadh le fearas concréiteach.
Comhghairdeas leis na páistí ó Rang 3 – 6 a ghlac páirt sa chomórtas tras tíre sa Rinn Mhór Dé Céadaoin seo caite. Rith 24 páiste ar son na scoile agus bhaineadar an-sult as an lá. D’éirigh le triúr cailíní dul ar aghaidh go dtí Craobh na Gaillimhe a bheidh […]
Tá muid ar ais ar scoil tar éis samhraidh breá fada, agus ar fad sásta ár gcairde a fheiceáil arís! Ba mhaith linn fáilte mhór a chur roimh na páistí agus múinteoirí ar fad, ach go háirithe na Naíonáin Bheaga agus na páistí agus múinteoirí nua sa scoil! Tá muid ar […]
Comhghairdeas leis an bhfoireann a chríochnaigh ag barr na sraithe sa léig eitpheile i mbliana! Bhí caighdeán iontach ard sna cluichí uilig. Anois, beidh na cluichí leath-cheannais agus an cluiche ceannais againn!
Tá deireadh na bliana beagnach linn! Tá muid tar éis an t-uafás a dheanamh le chéile agus a fhoghlaim i mbliana agus bhí bliain iontach againn. Rinne muid na pórtáidí ranga seo chun an bhliain a chaith muid le chéile a cheiliúradh!
Tá muid ag foghlaim faoi Bhaile Locha Riach sna meánaoiseanna. D’fhoghlaim muid faoi na Normannaigh, na ballaí agus an móta, an mhainistir agus a lán rudaí eile. Ansin rinne muid macasamhail de Bhaile Locha Riach as Lego!
Cúpla seachtain ó shin riunne Rang 4 + 5 agallamh le Brian O’Reilly, uncail le páití sa scoil agus duine de na heolaithe ar éirigh leo Tonnta Imtharraingte a aimsiú ag institiúd LIGO. Seo an t-agallamh a rinne muid! A few weeks ago Rang 4 + 5 interviewed Brian O’Reilly, […]