Comhghairdeas leis na páistí ó Rang 3 – 6 a ghlac páirt sa chomórtas tras tíre sa Rinn Mhór Dé Céadaoin seo caite. Rith 24 páiste ar son na scoile agus bhaineadar an-sult as an lá. D’éirigh le triúr cailíní dul ar aghaidh go dtí Craobh na Gaillimhe a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn! Maith sibh ar fad!