Tháinig an dearthóir graificí Sinéad Ní Chadhain ar cuairt chuig rang a 4, rang a 5 agus rang a 6. D’oibrigh Sinéad le TG4 agus anois tá a comhlacht féin aici. Chuir na daltaí go leor ceisteanna éagsúla uirthi agus bhreathnaigh siad ar a cuid saothar:
Yearly Archives: 2016
Tháinig aoí speisialta ar cuairt chuig naíonáin bheaga. Chuir duine de na páistí an t-ainm Lutherina uirthi. Ar ndóigh, ní raibh an t-uan in ann labhairt i nGaeilge ach rinneamar go leor cainte fúithi ina dhiaidh! Táimid an-bhuíoch go raibh an t-am aici teacht isteach chugainn:
D’eagraigh an coiste gaelbhrataí Aíonna Aibreáin arís i mbliana. Tagann aíonna chun na scoile i mí Aibreáin chun labhairt faoina spéiseanna, a bpoist nó a gcaitheamh aimsire. Léiríonn siad nach ábhar scoile amháin í an Ghaeilge agus gur teanga beo beathach í, ar ndóigh. Chuir an scéalaí Phil Ó Cuimin […]
Gach bliain glacann páistí ó na naíonáin go rang a 6 páirt i gcomórtas luthchleasaíochta Manning. I mbliana, d’éirigh thar cionn le Gaelscoil Riabhach. Tháinig foireann na gcailíní sa dara áit agus foireann na mbuachaillí sa tríú áit!! Comhghairdeas libh go léir!
Rinne Rang 4 agus 5 a lá oibre ar Mheiriceá Theas. I mbeirteanna rinne siad taighde ar rudaí ar nós na hAindéis, An Amasóin, Sacar sa Bhrasaíl agus a lán rudaí eile. Ansin rinne siad taispeántais Prezi ar gach ceann acu. Bhí siad chomh maith sin gur chuir muid le […]
Chuile bhliain bíonn comórtas ag Seachtain na Gaeilge ina mbíonn scoileanna ar fud na tíre ag déanamh seó raidió i nGaeilge. Tá Gaelscoil Riabhach tar éis an comórtas seo a bhuachaint 4 bliana as a chéile! Anuraidh, rinne muid seó darb ainm An Meaisín Ama, ina raibh páistí ag dul […]
Tar éis a lán oibre a dhéanamh sa rang bunaithe ar an Ghorta Mhór in Éirinn, chuamar ar thuras chuig teach na mbocht i bPort Omna. Bhaineamar an-taitneamh go deo as an turas. Nuala an treoraí a bhí againn agus cuireadh an turas ar fáil dúinn trí Ghaeilge. Míle buíochas do Nuala […]
Bhí lá álainn againn Dé hAoine seo caite i rang Múinteoir Maria (naíonáin bheaga). D’fhoghlaimíomar faoi charachtair a chéile agus chruthaíomar ár leabhair bheaga féin faoinár gcarachtair féin: