Tháinig Máire Eilís Ní Fhlaithearta ( Caitríona ó Ros Na Rún) ar chuairt againn inné chun ceardlann drámaíochta a chuir ar fáil do na ranganna. Bhain na páistí an-taitneamh as an lá.
Yearly Archives: 2016
Bhí seachtain den scoth i nGaelscoil Riabhach an tseachtain seo caite- Seachtain Gníomhach. Bhí an oireach gníomhaíochtaí ar siúl…gníomhaíochtaí den scoth mar shampla Ióga le Múinteoir Maria, Iománaíocht le cúntór Brian, tobshlua le Tara, Lúthchleasaíocht, Zumba, rith míle agus go leor rudaí eile. Lúthchleasaíocht Ióga Zumba Iománaíocht Damhsa […]
Dá mbeadh seans agat ceist a chur ar cheann de na heolaithe atá tar éis Tonnta Imtharraingte a aimsiú i LIGO i Meiriceá, cén cheist a chuirfeá? If you could ask one of the scientists who was involved in the recent observation of Gravitational Waves at LIGO in the USA […]
Bhí lá cairdis álainn againn i seomra na naíonán inniu. Thugamar bráisléad agus barróg dá chéile. Shuíomar i gciorcal mar a dhéanaimid gach seachtain agus léiríomar meas dá chéile as ucht a bheith ag éisteacht lena chéile. Táimid an-mhór le chéile.
Tá rang múinteoir Maria (naíonáin bheaga) ag foghlaim faoi am faoi láthair. Is breá linn a bheith ag imirt ‘Cén t-am é a mhactíre?’ chun an foclóir nua a chleachtadh:
Bhí an Scipatón ar siúl ar an Máirt – d’éirigh linn an cluiche scipeála seo a dhéanamh le páistí ag lanúint a chéile 325 uair gan stopadh!
Bhí an-am ag naíonáin bheaga (rang Múinteoir Maria) ag scipeáil thart inniu do Scipeatón Ghaelscoil Riabhach 2016.