Ghlac foireann tras tíre na scoile páirt i Rás Tras Tíre Manning i mBushfield an tseachtain seo caite. D’éirigh thar cionn leo ar fad agus tháinig foireann buachaillí Rang 3 agus 4 sa chéad áit! Maith sibh ar fad!
Spórt
Bh an-lá go deo againn ar ár dturas scoile i mbliana. Bhí muid le Rang 1 in Institiúd Teicneolaíocht Áth Luain agus bhíomar ag rith, ag dreapadh, ag preabadh agus ag rothaíocht. Bhí obair fóirne i gceist an t-am ar fad agus bhí mé in ann forbairt na páistí thar […]
Bhí an-lá go deo againn ag déanamh lúthchleasaíocht agus gníomhaíochtaí spraíúla agus spóirtiúla in ionad spóirt Institiúd Teicneolaíochta Atha Luain.
Bhí an-lá againn inné ag glacadh páirt sa comórtas iománaíochta Corn Kyle Mhic Bhrian. Thaispeáin na páistí an-spiorad foirne agus comhimirt! Bhí scéitimíní orainn go léir nuair a tháinigh Joe Cannin g ó fhoireann na Gaillimhe chuig an mbronadh.
Chun deireadh cheart a cur le Seachtain Gníomhach 2018 d’eagraíodh an comórtas mór tráthnóna Dé hAoine. Is cosúil gur tradisiún anois é an cogadh mór ‘Seachain an Liathróid’ idir na múinteoirí agus Rang 6. Cé go raibh sé thar a bheith iomaíoch buí sé thar a bheith spóirtiúl agus spraoíúl […]
D’éirigh go hiontach lenár bhfoireann eitpheile, Na Tíogair! Bhuaigh siad an comórtas réigiúnda Spikeball! Mar sin, don tríú uair i gceithre bliana, d’éirigh le Gaelscoil Riabhach comórtas Uile-Éireann a bhaint amach. Is éacht é sin do Ghaelscoil Riabhach, agus caighdeán fíor-ard imeartha ag na gasúir. Our Spikeball team Na Tíogair […]
Cúpla seachtain ó shin, ghlac Rang 4, 5 agus 6 páirt i gcluichí rugbaí cairdiúla. Rinne muid seisiúin traenála ar scoil chun na scileanna a fhoghlaim. Thaitin sé go mór le gach duine!
Déanann Rang a hAon 10@10 go laethúil agus cabhraíonn sé go mór linn díriú isteach ar an bhfoghlaim don chuid eile den lá.