Tá páistí Rang a hAon chomh bródúil gur éirigh leo rith chomh fada le Páras mar chuid den Bhrat Gníomhach. 905km a ritheamar san iomlán! Mar cheiliúradh beag bhí croissants againn agus iad tuillte go maith acu. Bravo!
Spórt
Mar chuid den obair i gcóir an brat gníomhach le déanaí thug Múinteoir Áine tasc dúinn rith go dtí an Bheirlín. Ní raibh orainn dul thar lear dár ndóigh ach rith timpeall an chlós uair amháin do gach km idir Baile Locha Riach agus Beirlín. Chríochnaigh muid ár 1,472 cuairt […]
Tá muid tar éis an-chraic a bheith againn ag foghlaim damhsa i mí Eanáir. In ionad dul ag an halla uair amháin sa seachtain rinne muid cinneadh é a dhéanamh sa seomra ranga uair nó dhó chuile lá. Mar sin bhí muid thar a bheith gníomhach ag foghlaim dhá damhsa […]
D’éirigh go rí-mhaith lenár bhfoirne eitpheile i gcomórtas na Gaillimhe ar an Aoine – d’fhoghlaim siad a lán agus bhain siad sult as an lá. Agus d’éirigh le ceann d’ár bhfoirne, Na Tíogair, dul tríd an gcomórtas gan oiread is cluiche amháin a chailliúint! Beidh siad ag glacadh páirte sna […]
Bhí an-áthas orainn i rang a 3 nuair a bhí an ghrian ag taitneamh agus bhí Corn Mhic Cárthaigh inár measc! Gaillimh Abú!:
Bhí lá iontach againn inniu nuair a tháinig foirne buacacha na Gaillimhe ar cuairt chugainn le trófaithe na sinsear agus na míonúr san iomáint! Seo iad Johnny Coen agus David Burke le Coiste na nDaltaí, agus Liam Mac Cárthaigh! Gaillimh abú!
Tá Féile na mBalúin Aer The tagtha go mBaile Locha Riach arís i mbliana agus inniu seoladh iad ón bpáirc díreach in aice le suíomh an scoil nua. Samhlaigh an radharc a mbeadh ann ó na seomraí ranga? An bhlian seo chugain ba cheart dúinn ticéidí a dhíol! ? […]
Bhí an Lá Spóirt agus Fete Scoile ar siúl ar an Aoine. Tugadh amach na boinn do bhuaiteoirí na léigeanna eitpheile agus sacair. Ansin bhí stáisiúin spóirt agus ghlac gach duine páirt sna himeachtaí difriúla. Bhain gach duine sult as an lá. Tar éis an spóirt, bhí an Fete ar […]