Comhghairdeas le cailíní agus buachaillí ó Rang 3 go Rang 6 a rith ar son na scoile sa Rásaíocht Tras Tíre sa Rinn Mhór an tseachtain seo. Ghlac 70 scoil páirt sa chomórtas agus d’éirigh le foireann buachaillí 5/6 dul ar aghaidh go dtí craobh an Chontae a bheidh ar […]
Spórt
Tá muid an-bhuíoch don chlub leadóige áitiúl as cead a fháil úsáid a bhaint as na cúirteanna! Is breá linn leadóg a imirt agus tá muid ag baint an-spraoi as.
Bhaineamar an-chraic as an Lá Gníomhach i mbliana. An méid sin chraic go raibheamar ró-gnóthach griangraf a ghlacadh tar éis an chéad cúpla gníomhaíochtaí! Seo chugaibh na cinn a fuair M. Emma – go raibh maith agat a Emma! Cic píonóis, Seachain an Liathróid agus Ióga le M.Maria. Dúradh gurb […]
Bhí lá gníomhach againn i nGaelscoil Riabhach ar an Déardaoin an 3ú Meitheamh. Bhí an-spraoi agus spórt againn agus bhí gach duine thar a bheith gníomhach don lá ar fad! Bhí stáisiúin éagsúla timpeall na scoile ar nós Íoga, rásaí, iománaíocht, scipeáil, bac-chúrsa, seachain an liathróid, Zumba, sacar, treodóireacht agus […]
Is breá linn ár halla spóirt, agus is breá linn eitpheil a imirt freisin! Fuair muid bronntanas de 10 liathróid eitpheile nua ó Volleyball Ireland agus bhí muid sona sásta triail a bhaint astu den chéad uair inniu. Míle buíochas as na liathróidí!
Beidh muid ag cur damhsa nua suas anseo go rialta le gur féidir libh fanacht gníomhach agus aclaí: bainigí sult as! Clic Anseo!
Comhghairdeas le cailíní agus buachaillí ó Rang 3-6 a rith ar son na scoile sa rás tras tíre sa Rinn Mhór an tseachtain seo caite. D’éirigh le foireann buachaillí rang 3&4 dul tríd go craobh an Chontae a bhí ar siúl inné. Thángadar sa dara háit rud a chiallaíonn go […]
Ghlac ár bhfoireann eitpheile páirt i gCraobhchomórtas Eitpheile (Spikeball) na hÉireann in Ollscoil Luimnigh le déanaí. Seo é an tríú bliain as a chéile d’ár scoil an staid seo a bhaint amach, agus is éacht dochreidte é sin! D’imir an fhoireann go hiontach ar an lá in aghaidh scoth na […]
Bhí ceithre scuaid ón nGaelscoil ag glacadh páirte sa chómórtas réigiúnda eitpheile in Ollscoil na Gaillimhe le déanaí. D’éirigh go hiontach leo ar fad agus bhain na himreoirí ar fad an-sult as an lá. Agus, don cheathrú huair i 5 bliana, d’éirigh le ceann dár gcuid foirne dul tríd go […]