Bhí lá gníomhach againn i nGaelscoil Riabhach ar an Déardaoin an 3ú Meitheamh. Bhí an-spraoi agus spórt againn agus bhí gach duine thar a bheith gníomhach don lá ar fad! Bhí stáisiúin éagsúla timpeall na scoile ar nós Íoga, rásaí, iománaíocht, scipeáil, bac-chúrsa, seachain an liathróid, Zumba, sacar, treodóireacht agus caisleán preabadh a chuir an dlaoi mhullaigh ar an lá!!