Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Spraoi agus foghlaim amuigh agus istigh

Bhí an t-ádh linn leis an aimsir le déanaí agus d’éirigh le Rang 4 dul síos go dtí Na Siúlóidí (The Walks) le déanaí chun roinnt rudaí nádúrtha spéisiúla a imscrúdú agus a bhailiú. D’úsáideamar iad mar spreagadh dár gceacht ealaíne.

Nuair nach mbíonn an aimsir linn, is iontach an rud gur féidir linn corpoideachas a dhéanamh i halla na scoile. Bhain an rang an-sult as scileanna eitpheile a fhoghlaim agus tá súil againn go n-imreoimid níos mó cluichí roimh dheireadh na bliana!

We have been lucky with the weather recently and Rang 4 recently went down to The Walks to investigate and collect some interesting natural objects. We then used them as inspiration for our art lesson.

When the weather is not with us, it is great that we can do PE in the school hall. The class really enjoyed learning volleyball skills and we hope to play more games before the end of the year!

 

%d bloggers like this: