Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Seachtain na Matamaitice i Rang 4

Bhí Seachtain na Matamaitice ar siúl ar fud na tíre le déanaí. Ghlac Rang a Ceathair páirt i gcluiche/cómórtas spraíúil a bhí ar siúl gach lá: sprioc-chlár an lae. Tugadh spriocuimhir do na páistí agus bhí orthu teacht suas leis an oiread bealaigh agus ab fhéidir leo an spriocuimhir a dhéanamh as na 16 uimhir a bhí ar an gclár an lá sin. Bhaineadar an-taitneamh go deo as agus d’éirigh siad an-chomórtasach! D’éirigh leis an rang críochnú sna 10 scoil is airde gach lá a ghlacamar páirt! Bhí na ríomhairí ranga agus na táibléid scoile ina n-áis iontach dúinn ach an rud is tábhachtaí ná go bhfuil tuiscint níos fearr ag na páistí anois go bhfuil bealaí éagsúla ann chun uimhreacha a fheiceáil agus a úsáid agus chun Mata a dhéanamh. 

Maths Week took place across the country recently. Fourth Class took part in a fun game/competition that took place every day during Maths Week: the goal of the day. The children were given a target number and had to come up with as many ways as possible to make the target number out of the 16 numbers on the board that day. They really enjoyed it and became very competetive! The class finished in the top 10 schools every day we took part! The classroom computers and school tablets were a great resource for us but most importantly the children now have a better understanding that there are different ways to see and use numbers and to do Maths.

%d bloggers like this: