Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Bua againn i mBliotsa Sacair!!!

Bhí bliosta sacair ar siúl i mBaile Átha an Rí an tseachtain seo caite le gaelscoileanna eile oirthear na Gaillimhe páirteach ann. Lá álainn a bhí ann agus d’éirigh go rí-mhaith lenár bhfoirne!

Tháinig na buachaillí sa tríú háit ina sraith, le dhá bhua iontach, ach faraor chaill siad amach le ciceanna píonóis sa chluiche cáilithe.

D’éirigh leis na cailíní gan oiread is cluiche amháin a chailliúint agus bhain siad an cluiche ceannais amach! Bhí géar-iomaíocht sa chluihce ceannais agus chríochnaigh sé ar chomh-scór. Mar sin, bhí ciceanna píonóís acu siúd freisin! Ach an uair seo bhí an t-ádh linn!

Le dhá shábháil iontach óná gcúl báire, bhuaigh muid 2-1! Maith sibh a chailíní!!!

Míle buíochas le Coláiste an Eachréidh as an lá a eagrú!

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading