Ghlac ár bhfoireann eitpheile páirt i gCraobhchomórtas Eitpheile (Spikeball) na hÉireann in Ollscoil Luimnigh le déanaí. Seo é an tríú bliain as a chéile d’ár scoil an staid seo a bhaint amach, agus is éacht dochreidte é sin! D’imir an fhoireann go hiontach ar an lá in aghaidh scoth na foirne sa tír seo, agus d’éirigh leo an leath-cheannais sa chomórtas measctha a bhaint amach! Faraor, fuair Cnoc Mhaol Drise na Gaillimhe an lámh in uachtar orainn le cúpla pointe beag sa chluiche sin. Lean siadsan ar aghaidh agus bhuaigh siad an cluiche ceannais ansin le bua mór, mar sin is léir go raibh muid an-ghar agus caighdeán imeartha an-ard againn! Comhghairdeas mór leo siúd, agus le Scoil Íde a bhain comórtas na gcailíní ar an lá céanna. Ba chóir don scoil ar fad a bheith thar a bheith bródúil as ár gcuid imreoirí!
You may also like
D’fhás ár sicíní go mór ó chuireadh go Conamara iad le Múinteoir Áine. Seo chugaibh cupla ghraingraf dóibh ina dteach nua.
Great resources and recommended reading lists available here http://www.bordgaisenergybookclub.ie/readtogether/
Tháinig Clodagh Thorisson ar cuairt chuig Gaelscoil Riabhach inniu mar chuid d’Aíonna Aibreáin (eagraithe ag an gcoiste gaelbhrataí). Is saineolaí cothúcháin í […]
