Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Turas scoile Rang 2

Bh an-lá go deo againn ar ár dturas scoile i mbliana. Bhí muid le Rang 1 in Institiúd Teicneolaíocht Áth Luain agus bhíomar ag rith, ag dreapadh, ag preabadh agus ag rothaíocht. Bhí obair fóirne i gceist an t-am ar fad agus bhí mé in ann forbairt na páistí thar na bliana a fheiceáil – an chaoi go raibh siad ag tabhairt aire agus tacaíocht dá chéile. Bhí iompar den scoth acu uilig don lá ar fad fresin agus bhí mé thar a bheith bródúil astu.

Thóg sé níos mó ná 20 nóiméad don chailín seo dreapadh suas an rud seo. Nuair a shroich sí an barr rith an rang ar fad go dtí bun an sleamhnán chun bualadh bos mór a thabhairt di mar gheall ar crógacht agus seasmhachas!
Obair fóirne – cé mhéad bricí gur féidir leo cur ar droim a gcara 🙂
Ní raibh éinne gortaithe! Bhain siad an taitneamh as seo…
Na ‘humans’ a thit ar an gcaisleán preabadh ollmhór seo – ar a laghad chonaic siad an taobh greanmhar den scéal 😀

%d bloggers like this: