Ar an Aoine thug na páistí isteach na hataí mata a bhí curtha le chéile acu sa bhaile mar chuid den obairbhaile. Rinne siad ar fad sár-jab.
2013/2014
Inné thug na páistí cuairt ar an leabharlann áitiúil. Bhuail siad leis an scéalaí Maitiú ansin. D’éist siad le trí scéal difriúil uaidh. Bhain siad an-taitneamh as.
D’úsaid muid ceamara micreascópach Mhúinteoir Brian chun pictiúr a ghlacadh de rud éigin atá coitinne go leor timpeall orainn. Céard é fhéin meas sibh?
Tá Rang Mhúinteoir Pól mar shaineolaithe anois ar Stair na hÉireann idir 1910 agus 1920…..Tharla go leor sna blianta sin go hidirnaisiúnta, go náisiúnta agus go háitiúil. Tá muid ag iarraidh cloisteáil faoi éinne sa scoil a bhfuair gaolta leo bás le linn na tréimhse seo nó ar ghlac gaolta […]
Chuaigh muid ar tóir níos mó eolais faoi mhuintir Thomas J. Smyth a chailleadh sa gCéad Cogadh Domhanda. Tháinig muid ar leac eile a bhí curtha in airde ag a mháthair (Mary Smyth) in ómós d’athair Alexander Smyth. Fuair Alexander Smyth bás agus é fós óg. Bhí sé ag obair […]
Chuaigh Rang Mhúinteoir Pól ar chuairt ar reilig na leabharlainne. Ghlac muid griangrafanna de leaca suimiúla…. Baineann an dara ghriangraf le fear óg ó Bhaile Locha Riach a tháinig abhaile gortaithe ón gCéad Cogadh Domhanda agus a chailleadh i mBaile Locha Riach i 1918 tamaillín ina dhiaidh sin.
Rinne muid turgnamh san rang an tseachtain seo caite. Bhíomar ag iarraidh fáil ag amach cén dath is mó a tharnaíonn an ghrian. Chuir muid an méid céanna uisce i dtrí chrúsca agus ansin chlúdaigh muid ceann le páipéar bán, ceann le páipéar dubh agus ceann le páipéar buí. D’fhág […]
Seachtain Mhata atá ann agus rinne muid puzail matamaitice ar maidin – bhí ar na paistí uimhir mhór a dhéanamh as roinnt uimhreacha beaga, ag suimiú, iolrú dealú nó roinnt ach gan aon uimhir a úsáid níos mó ná uair amháin. Ar mhaith leat triail a bhaint as? Déan 46 […]