Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Mary Smyth

Chuaigh muid ar tóir níos mó eolais faoi mhuintir Thomas J. Smyth a chailleadh sa gCéad Cogadh Domhanda. Tháinig muid ar leac eile a bhí curtha in airde ag a mháthair (Mary Smyth) in ómós d’athair Alexander Smyth. Fuair Alexander Smyth bás agus é fós óg. Bhí sé ag obair leis na póilíní ag an am: Constáblacht Ríoga na hÉireann. Ag úsáid na Daonáireamh d’aimsigh muid níos mó eolais mar gheall ar Mary Smyth:

  • Rugadh i gCo Chiarraí í agus bhí Gaeilge aici. (1869)
  • Bhuail sí le Alexander Smyth nuair a bhí sé ag obair leis na póilíní in Áth Cinn, Co. Chiarraí. (1880í)
  • Ba bhall d’Eaglais na hÉireann (Protastúnach) iad. Mar sin d’fhreastal siad ar sheirbhísí san áit a bhfuil an leabharlann i mBaile Locha Riach anois.
  • Bhog siad go Baile Locha Riach agus bhí ceathrar pháistí acu: Alexander, Christopher, Thomas J. agus Mary Margaret. (1901 – Daonáireamh)
  • Fuair a fear chéile, Alexander, bás in 1898.
  • Fuair a mhac, Thomas, bás in 1918.

marysmyth1 marysmyth2 marysmyth3 marysmyth4 marysmyth5 marysmyth6 marysmyth7: Daonáireamh 1901

%d bloggers like this: