Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Céad Cogadh Domhanda agus ‘na Trioblóidí’/ Cogadh na Saoirse

Tá Rang Mhúinteoir Pól mar shaineolaithe anois ar Stair na hÉireann idir 1910 agus 1920…..Tharla go leor sna blianta sin go hidirnaisiúnta, go náisiúnta agus go háitiúil.

Tá muid ag iarraidh cloisteáil faoi éinne sa scoil a bhfuair gaolta leo bás le linn na tréimhse seo nó ar ghlac gaolta leo páirt iontu.

Tháinig muid ar bheirt shinseanathar (great grandfathers) a throid sa gCéad Cogadh Domhanda: Sinseanathair Hermione i Rang a Sé agus sinseanathair Mhúinteoir Pól (an príomhoide). Bronnadh boinn ar an mbeirt acu ó Ríocht Aontaithe. Thóg Hermione bonn a shinseanathair isteach ar scoil.

jesseruffles1 jesseruffles2 pádraigomorain

3 thoughts on “Céad Cogadh Domhanda agus ‘na Trioblóidí’/ Cogadh na Saoirse”

Comments are closed.

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading