Seachtain Eolaíochta atá ann, agus rinne an Club Eolaíochta lá Eolaíochta speisialta do na ranganna ar fad eile. Rinne siad a lán oibre agus thaitin sé leis na ranganna eile ar fad. Seo na rudaí a rinne siad sna ranganna eile.
2013/2014
Tá muid ag foghlaim faoi na Lochlannaigh faoi láthair. Rinne muid píosa drámaíochta, ag deánamh mím bunaithe ar na Lochlannaigh in Éirinn.
Inné bhí na páistí ag déanamh dul siar ar na focail nua a d’fhoghlaim siad le cúpla seachtain anuas. Rinne siad cluichí cuimhne agus chuir siad abairti nua le chéile. Tá ard mholadh le fáil ag na páistí ar an sár-obair atá ar siúl acu.
Tháinig dhá ghrúpa ó rang M. Brian ar chuairt chuig an rang tráthnóna Dé h-Aoine seo caite. Bhíomar an bhuíoch dóibh. Thaispeáin siad dúinn cén chaoi a n-oibríonn na scamhóga agus an chaoi go n-oibríonn an peireascóp.
An tseachtain seo caite bhí na páistí ag foghlaim faoi rudaí ag téamh agus ag fuarú. Shocraigh muid go ndéanfadh muid barróga Rice Krispies. Dár leis na páistí bhí siad an-bhlasta go deo. Théis dóibh iad a dhéanamh scríobh siad síos cén chaoi gur thug siad futhú.
Chuir muid isteach ar chomórtas Eolaíochta le déanaí chun fhíseán eolaíochta a dhéanamh – agus bhain muid áit amach ar an ngearrliosta náisiúnta! Tá an-áthas orainn. Beidh ár bhfíseán le feiceáil ag an taispeántas Eolaíochta a bheidh ar siúl i gColáiste na hOllscoile Gaillimh ar an Domhnach 24/11/13 – is […]
An tseachtain seo caite bhí na páistí an-gnóthach ag foghlaim faoin scéal Clann Lir. Rinne siad an scéal a chur in ord agus ealaíon a dhearadh bunaithe ar an scéal. An bhfuil freagra na ceisteanna seo leanas ag éinne? 1. Cén t-ainm a bhí ar bhean nua Lir? 2. Cén […]
An chéad seachtain ar ais agus táimid ar bís faoina rudaí álainn atá ar siúl againn an téarma seo. Táimid ag foghlaim faoi patrúin sa Mhata Ag obair le cré san ealaín. Ag léiriú an dráma “Na trí mhuicín”. Chuaigh an mac tíre in airde ar an díon […]
Bhí mí álainn againn i seomra na naíonán. Bhí go leor béime ar an tábhacht a bhaineann le bheith ag roinnt le chéile agus le bheith ag oibriú as lámh a chéile an mhí seo. Chabhraigh na naíonáin go mór lena chéile: Ag gléasadh suas agus ag spraoi le chéile. […]
Tháinig páiste isteach inniu le rud suimiúil le cur faoinár micreascóp – bolb (caterpillar) beag bídeach! Bhí sé chomh beag sin go raibh sé deacair é a fheiceáil – seo grianghraf de in aice le bonn 1c chun a thaispeáint cé chomh beag is atá sé! Ach faoin micreascóp breathnaíonn […]