Tá an Nollaig ag druidim orainn…tá muid ag obair le fabraic ionas go bhfuil muid réidh do Lá na nÉadaí Codlata!! Fan go bhfeicfidh sibh!!
2013/2014
Chruthaigh Rang a 5 / 6 paipéar pH chun leibhéal áigéide a thástáil. Tá méadar aigéide ordaithe againn chun tástálacha níos cruinne a dhéanamh. Chomh maith leis sin chonaic muid an freagairt idir vineagar agus bonn, cosúil le sóid.
Tháinig na Gardaí ar cuairt ag deireadh Mhí na Samhna ar Rang a 5 agus Rang a 6. Beidh siad ar ais linn san Athbhliain.
Tá na Naíonáin mhóra tar éis tús a chur lena gcuid ceachtanna béarla le coicís anuas. Bíonn an-spraoi acu ag cleachtadh na hamhráin a théann leis na fuaimeanna ó Jolly Phonics. Tá tús curtha leis an mballa béarla acu freisin.
Bhí na Naíonáin mhóra ag plé na rudaí éagsúla a tharláíonn de na hainmhithe agus na héin le linn an gheimhreadh. Shocraigh muid bia a fhágáil amach do na héin a bhíonn taobh amuigh den fhuinneog againn. Bhain muid úsáid as sean bhuidéil agus líon muid le síolta iad, ansin […]
Chuir muid síolta cress i sean bhuidéil a thug muid isteach ón mbaile. Nuair a d’fhás an cress chuir muid páipéar dearg timpeall ar an mbuidéal agus chuir muid súile agus srón orthu. Bhain muid an-taitneamh as.
Bhí mí den scoth againn inár sochaí bheag i mí na Samhna. D’fhoghlaimear faoi phatrún sa mhata. D’éirigh linn patrúin a chruthú lenár mbéireanna beaga agus fiú lenár gcoirp féin: Thosaíomar ag foghlaim faoi suimiú sa mhata freisin agus ar ndóigh, chabhraigh ár mbeireanna linn ansin arís: D’oibríomar as lámh […]
Bhí muid ag foghlaim faoi Fionn Mac Cumhaill le déanaí. Léigh muid an scéal faoi féin agus an seanfhear a bhí ag iascaireacht agus an chaoi gur bhlais sé an Bradán Feasa. Shocraigh muid píosa ealaíne a dhéanamh bunaithe air.
An mhí seo bhíomar ag foghlaim faoi “Mo thigh”. D’fhoglaim muid go leor rann agus amhrán faoi tógálaí! An maith libh ár hataí??? Rinneamar tithe álainn ag usáid cré! Nach deas iad! Bhí muid ag foghlaim faoi “Mo theaghlach” agus chuireamar pictiúir dúinn féin i gcompráid, an bhfuil cuma […]